Public consultation now open for comments on Certified Quality Aquaculture (CQA) Farm & Processing Standards

A 60-day public consultation period (16 July – 13 September 2021) is now open and provides an opportunity for stakeholders and interested parties to provide comment on the draft Standards prior to their adoption by the CQA Programme.

The Certified Quality Aquaculture (CQA) Programme supports the production of high-class farmed Irish seafood and provides a means of differentiating aquaculture products in the marketplace through eco, organic and quality labelling.

The CQA Programme was developed by a Technical Advisory Committee (TAC) with representatives from all parts of the supply chain, from feed to fork. It is a business-to-customer assurance, which is managed according to ISO 17065, and uses aquaculture facilities as its unit of certification.

This project is funded by the Irish Government and the European Maritime and Fisheries Fund under the Knowledge Gateway Scheme. Please click here to access the draft standards or copy and paste the URL below into your browser –

www.bim.ie/aquaculture/sustainability-and-certification/certified-quality-aquaculture-cqa-programme/

All submissions must be emailed to cqa@bim.ie by 18.00 on 13 September. Late submissions will not be accepted.

Comhairliúchán poiblí oscailte anois maidir le tuairimí ar Chaighdeáin Feirme & Próiseála an chláir

Cáilíochta Deimhnithe Dobharshaothraithe (CQA)

Tá comhairliúchán poiblí 60 lá (16 Iúil – 13 Meán Fómhair) ar oscailt anois ina dtugtar deis do pháirtithe leasmhara agus grúpaí a bhfuil spéis acu ann tuairimí a roinnt ar na dréacht-Chaighdeáin sula nglacfar leo don chlár CQA.

Leis an gClár Cáilíochta Deimhnithe Dobharshaothraithe (CQA), tacaítear le táirgeadh bhia mara feirme na hÉireann agus cuirtear bealach ar fáil chun idirdhealú a dhéanamh idir táirgí dobharshaothraithe éagsúla ar an margadh trí éicilipéad, lipéad orgánach nó lipéad cáilíochta a chur orthu.

Coiste Comhairleach Teicniúil (TAC) a d'fhorbair an Clár CQA, ar a raibh ionadaithe ó gach cuid den slabhra soláthair, ón bhfeirm go dtí an forc. Dearbhú gnóthais don chustaiméir atá i gceist, ar a ndéantar bainistiú de réir ISO 17065, agus a úsáideann saoráidí dobharshaothraithe mar aonad deimhniúcháin.

Is iad Rialtas na hÉireann agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh a mhaoiníonn an tionscadal seo faoin Scéim um Thairseach Feasa.

Cliceáil anseo chun teacht ar na dréacht-chaighdeáin, nó déan an URL thíos a chóipeáil agus a chur isteach ar do bhrabhsálaí –

www.bim.ie/aquaculture/sustainability-and-certification/certified-quality-aquaculture-cqa-programme/

Ní mór gach aighneacht a sheoladh ar ríomhphost chuig cqa@bim.ie faoin 18.00 ar an 13 Meán Fómhair. Ní ghlacfar le hiarratais atá deireanach.