Tá pobail Chósta na hÉireann chun tairbhe a bhaint as maoiniú suntasach do thionscadail chaipitil faoi Scéim Geilleagar Gorm an Bhreatimeachta

Suas le €200,000 maoiniú aonair ar fáil do thionscadail chaipitil

Moltar do ghnólachtaí i bpobail chósta na hÉireann iarratas a dhéanamh ar Scéim Forbartha Fiontraíochta Gheilleagar Gorm an Bhreatimeachta, agus tá maoiniú suas le €200,000 ar fáil in aghaidh an tionscadail chaipitil.

Is í aidhm na Scéime ná fás a spreagadh i bpobail tuaithe cois cósta i ndiaidh an Bhreatimeachta, agus tá maoiniú ar fáil do ghnólachtaí atá ag feidhmiú laistigh de 10 gciliméadar ón gcósta agus a bhfuil baint acu leis an ngeilleagar gorm.

Clúdaíonn an geilleagar gorm réimse leathan gníomhaíochtaí eacnamaíocha laistigh de phobail chósta ar nós bia mara, turasóireacht chósta, tógáil agus cothabháil bád, áineas mara, agus tionscnaimh fuinnimh in-athnuaite.

Tá an Scéim, an ceann is mó dá leithéid riamh, oscailte do thrí shruth tionscadal: Infheistíocht Chaipitil, Meantóireacht Ghnó &Forbairt Cumais, agus Uasoiliúint &Oiliúint.

Tá buiséad €25 milliún ar fáil i 2022 agus i 2023, arna mhaoiniú faoi Chúlchiste Coigeartaithe Breatimeachta an AE. Is tionscnamh de chuid Rialtas na hÉireann í an Scéim agus tá sí á riar ag Bord Iascaigh Mhara (BIM).

Dúirt Paul Downes, oifigeach réigiúnach i BIM, go bhfuil go leor moltaí nuálacha agus a bhfuil cosúlacht mhaith orthu faighte cheana féin ag an Scéim, a osclaíodh i Mí an Mheithimh i mbliana.

“Táimid thar a bheith sásta le caighdeán na n-iarratas atá tagtha isteach go dtí seo, a chlúdaíonn fairsinge leathan gnólachtaí geilleagair ghorma – ó chomhlachtaí bia mara go gnólachtaí bád cairte, comhlachtaí innealtóireachta mara go fiontair turasóireachta cósta.

“Tá fonn orainn níos mó gnólachtaí a spreagadh, go háirithe don sruth infheistíochta caipitil, chun iarratas ar mhaoiniú a chur isteach. Tá dúshláin tugtha ag an mBreatimeacht do phobail chósta agus tá sé de chumas ag an deis mhaoinithe uathúil seo buntáistí dáiríre a sholáthar do na pobail sin agus do ghnólachtaí aonair atá mar chuid den gheilleagar gorm. Cumasóidh na hinfheistíochtaí seo nuálaíocht, éagsúlú, breisluacha, agus tacóidh siad
le fás gnó agus le fostaíocht mhéadaithe.”

Tá an Scéim á seachadadh trí Ghrúpaí Gníomhaíochta Áitiúla Iascaigh (FLAGanna) a dhíríonn maoiniú forbartha áitiúil go huathúil do cheantair agus do phobail laistigh de 10 gciliméadar ón bhfarraige timpeall an chósta ar fad.

Ní mór tionscnaimh tionscadail chaipitil atá beartaithe ag iarratasóirí a lonnú laistigh de 10km ón gcósta agus ní mór dóibh a bheith laistigh de cheann de na hearnálacha geilleagair ghorma seo a leanas:

Ní mór don iarratasóir a bheith ina mhicreafhiontar nó ina fhiontar beag agus ní mór tionscadail a chur i gcrích faoin 30 Meán Fómhair 2023. Is iad an dá shruth eile le haghaidh maoinithe ná Meantóireacht Ghnó &Forbairt Cumais, agus Uasoiliúint &Oiliúint.

Is féidir na sonraí iomlána faoi Scéim Forbartha Fiontraíochta Gheilleagar Gorm an Bhreatimeachta, lena n-áirítear conas iarratas a dhéanamh a fháil anseo.