Straitéis Scileanna Uaillmhianach ó Bhord Iascaigh Mhara chun Tacú leis an Tionscal Bia Mara sa Todhchaí

Sa phictiúr ó chlé: Ian Mannix, Stiúrthóir Scileanna BIM; an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D.; Jean Callanan, Ball de Bhord BIM agus Cathaoirleach Choiste Foghlama agus Forbartha BIM.

D’fhógair Bord Iascaigh Mhara (BIM), Gníomhaireacht Forbartha Bhia Mara na hÉireann sonraí inniu (Dé Luain, 2 Deireadh Fómhair 2023) faoi phlean straitéiseach chun a chinntiú go seachadtar na scileanna atá riachtanach do thionscal bia mara nuálach, gairmiúil agus inbhuanaithe. Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D. an straitéis, ‘The Next Wave 2023-2028’, go hoifigiúil, ina mbeidh €5 milliún le caitheamh thar shaolré an phlean, arna sholáthar ag an Roinn seo.

Ag fáiltiú roimh an straitéis nua, dúirt an tAire McConalogue,
“Tá lucht saothair sofhreagrúil, gairmiúil, agus oilte riachtanach d’inbhuanaitheacht thionscal bia mara na hÉireann amach anseo. Tá sé mar aidhm ag na spriocanna uaillmhianacha atá leagtha amach sa straitéis seo tacú leis an tionscal chun dul i ngleic le dúshláin agus deiseanna amach anseo. Trí conairí gairme éagsúla agus fiúntacha a thairiscint, arna gcomhlánú ag oiliúint nua-aimseartha agus ghairmiúil, táim muiníneach go mbeidh an tionscal in áit níos fearr chun an tallann atá ag teastáil dá rath fadtéarmach a mhealladh agus a choinneáil.”

Is iad na ceithre phríomhchuspóir atá le seachadadh ná: Iontrálaithe nua a mhealladh chuig an earnáil bia mara; Conairí gairme a chruthú agus a chur chun cinn san earnáil bia mara; Na cúrsaí cearta a sheachadadh do na daoine cearta, sa tslí cheart; agus Comhpháirtíochtaí straitéiseacha a thógáil le haghaidh fáis.

Ag labhairt di ag an seoladh, dúirt Caroline Bocquel, Príomhfheidhmeannach Bhord Iascaigh Mhara,
“Tá na scileanna atá de dhíth ar thionscal bia mara na hÉireann ag forbairt go suntasach. Cé go bhfuil scileanna traidisiúnta fós thar a bheith tábhachtach agus go bhfuil siad i gcroílár na hoiliúna a chuireann BIM ar fáil, tá scileanna nua ag teastáil a léiríonn dul chun cinn na teicneolaíochta le déanaí, rialacháin agus éilimh an mhargaidh. Tá forbairt scileanna chun ár dtimpeallacht nádúrtha a chosaint, agus múnla gnó inbhuanaithe agus brábúsach á oibriú againn, lárnach d’fhás agus rath leanúnach an tionscail. Táimid ag obair freisin chun réimse clár agus modúl inbhuanaitheachta a fhorbairt ar fud seirbhísí oiliúna agus cliaint Bhord Iascaigh Mhara a chuirfidh le heolas agus le léargas agus a ligfidh don tionscal freastal ar éilimh atá ag athrú go tapaidh.”

Féachann an straitéis le dul i ngleic le roinnt dúshlánn atá le sárú ag earnáil na hiascaireachta, mar a aithníodh in anailís ar lucht saothair chablach iascaireachta na hÉireann, arna choimisiúnú ag BIM i 2022. Chomh maith leis na scileanna atá ag teastáil faoi láthair a sheachadadh, cinnfidh BIM agus déanfaidh sé pleanáil do na scileanna a bheidh ag teastáil amach anseo, ag cinntiú go mbeidh scileanna gnó agus teicniúla i gceist.

Is ranníocóir tábhachtach agus luachmhar í earnáil bia mara na hÉireann leis an ngeilleagar náisiúnta, dar luach €1.3 billiún i 2022 agus fostaíonn sí beagnach 16,000 duine fásta, a bhfuil cuid mhór acu ina gcónaí agus ag obair i bpobail chósta na hÉireann. Tá ról lárnach ag an bpróiseas a bhaineann le gabháil, fás agus luach táirgí a mhéadú trí phróiseáil bia mara, miondíol agus seirbhís bhia i gcreatlach cultúrtha, sóisialta agus eacnamaíoch na bpobal cósta.

Is féidir féachaint ar ‘An Chéad Tonn Eile, 2023 – 2028’ anseo.