Níos mó ná 40,000 gliomach v-eangaithe in Éirinn 2022 — an líon is airde ar taifead

Rinneadh v-eangú ar níos mó ná 40,000 gliomach in 2022, dar meáchan beagnach 28 tona – bliain nach bhfacthas riamh ó cuireadh tús le reachtaíocht in 1995 chun gliomaigh ar a bhfuil marcanna den sórt sin a chosaint. Bhí na figiúirí le haghaidh 2022 níos airde ná an bhliain ab airde roimhe sin, 2018, nuair a v-eangaíodh 32,178 gliomach.

 

Is uirlis chaomhantais é v-eangú atá curtha i gcrích ag Oifigigh Réigiúnacha atá oilte ag Bord Iascaigh Mhara (BIM) timpeall chósta na hÉireann. Is é an phríomhaidhm atá aige ná gliomaigh baineanna a chosaint, rud a thugann deis dóibh stoc a sceitheadh agus a athlíonadh agus iad v-eangaithe. Tá an próiseas simplí agus is éard a dhéantar ná eang v-chruthach a bhaint as ceann de na flapaí (úrapóid) ar an dá thaobh de chuid lárnach eireaball an ainmhí (teilsean) nuair a ghabhtar é den chéad uair. Má ghabhtar arís iad, ní féidir gliomaigh v-eangaithe a choinneáil ná a thairiscint lena ndíol agus ní mór iad a chur ar ais san fharraige, áit a gcuireann siad féin agus a sliocht le hearcaíocht amach anseo.

 

Mhol Ian Lawler, Bainisteoir Forbartha, BIM iarrachtaí na n-iascairí a bhí páirteach i gclár na bliana seo, le tacaíocht ón gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh.

 

“Bhí clár v-eangaithe 2022 ina bhliain eisceachtúil do gach duine a raibh baint acu leis, ó na hiascairí a ghlac páirt ann go dtí foireann réigiúnach BIM a thug cuairt ar 94 cé feadh chósta na hÉireann chun gliomaigh a v-eangú i rith na bliana. Is iarracht mhór chomhchoiteann é atá ag cur le hinbhuanaitheacht iascaigh atá mar bhunchloch d’earnáil cois cladaigh na hÉireann.”

 

Is ionann an 40,339 gliomach a scaoileadh in 2022 agus níos mó ná 302 milliún larbha a scaoilfear gach uair a sceitheann na gliomaigh.

 

Tá ardéileamh ar ghliomach na hÉireann in Éirinn agus i margaí na mór-roinne, go háirithe sa Fhrainc, sa Spáinn agus sa Phortaingéil i seirbhís bia agus i gcomhair tomhaltais sa bhaile. Bíonn éileamh ar ghliomach go háirithe tráth na Nollag agus le linn laethanta saoire eile ar nós Lá na Cásca agus Lá Bastille.