Na Cealla Beaga le leas a bhaint as infheistíocht shuntasach €50 milliún san earnáil bia mara

Radharc ón aer KIllybegs Seafood, Co Dhún na nGall

Maoiniú €12.1 milliún faighte ag dhá phróiseálaí éisc as Na Cealla Beaga as Scéim Tacaíochta Caipitil Próiseas Brexit, arna cur i bhfeidhm ag BIM

Bainfidh Na Cealla Beaga, ceann de mhoil bia na mara is gnóthaí sa tír leas as infheistíocht €50 milliún san iomlán atá dírithe ar earnáil phróiseál na n-éasc an réigiúin a chosaint don todhchaí agus ar líon na bpost a choinneáil agus a mhéadú.

Tá forbairtí suntasacha ar siúl ag go leor gnólachtaí faoi láthair a dhéanfaidh áiseanna próiseál bia na mara a nuachóiriú agus tionscnaimh cheannródaíocha éifeachtúlacht an fhuinnimh a chur leo, dar le Bord Iascaigh Mhara (BIM).

I measc na ngnólachtaí a bhfuil infheistíocht shuntasacha á Dhéanamh acu, le tacaíocht ó Scéim Tacaíochta Caipitil Phróiseas Breatamach, tá Gallagher Bros. (Fish Merchants) Ltd agus Killybegs Seafoods. Dáileadh an dá dheontas faoin scéimis mó orthu, arbh fhiú €12.1 milliún idir eatarthu agust €31 milliún á chaitheamh acu san iomlán. Mhol an Tascfhórsa um Earnáil Bia na Mara, a bhunaigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, an scéim atá á cur i bhfeidhm ag BIM.

Mar thoradh ar an €50 milliún atá á infheistiú i gcomhlachtaí éagsúla atá bunaithe sna Cealla Beaga, déanfar suíomh níos mealltaí aisti do bháid iascaireachta a gcuid gabháil a thabhairt i dtír agus a scaoileadh a d’fhéadfadh dul chuig an RA,  chuig an Iorua, chuig an Íoslainn, cuig na hOileáin Fharó nó chuig tíortha eile ar mhórthír na hEorpa, muna raibh sé ann.

Dúirt Stiúrthóir Bainistíochta Killybegs Seafoods, John McGuinness, go bhfuil infheistíocht iomlán na cuideachta mar chuid de straitéis fhadtéarmach chun inbhuanaitheacht an ghnó a chinntiú, agus chun an fhostaíocht a choinneáil i réigiún na gCealla Beaga.

“Sí príomhchuspóir na hinfheistíochta seo ná bunathrú an ghnó a thabhairt isteach, rud a chuirfidh ar ár gcumas líón na n-éasc a phróiseáil againn a mhéadú ar bhealach níos éifeachtaí, agus an acmhainn a chruthú dúinn le haghaidh táirgí ar bhreisluach, go mór mór filléid ronnach, a fhorbairt,” a dúirt an tUasal McGuinness.

Dúirt an tUasal McGuiness go dtugann an fhorbairt aghaidh ar na príomhrioscaí atá le sárú ag an gcomhlacht faoi láthair lena n-áirítear cuótaí laghdaithe na ronnach, costais mhéadaithe an fhuinnimh agus na deacrachtaí a mbaineann le foireann shéasúrach a fhostú.

“Tá sé ar chumas na dtionchar seo éifeach shuntasach a imirt ar fheidhmíocht na gnólachta,” a dúirt sé. “Ní bheimis i ndiiaidh tosú ar an tionscadal seo gan an tacaíocht a bhfuaramar ó BIM agus ó Scéim Tacaíochta um Chaipitil Phróiseas an Bhreatamach. B’é sin an spreagadh dúinn dul i mbun gnímh.”

Bhunaigh athair John McGuinness, Seán, a sheanathair, Josie agus beirt chomhpháirtithe eile, Séamus Tully agus Paddy Gallagher, Killybegs Seafoods sa bhliain 1968. Chuaigh John agus a dheartháireacha Eamon agus Donal isteach sa ghnó i mblianta na 1990idí agus luath na 2000idí. Le linn an tséasúir ghnóthach, fostaítear 90 duine na áitie sa ghnólacht.

Mar an gcéanna le Killybegs Seafoods, is gnólacht teaghlaigh go mór é Gallagher Bros. (Fish Merchants). Arna bunú os cionn 100 bliain ó shin sa bhliain 1919 ag na deartháireacha Jack agus Phil Gallagher, bionn foireann 100 duine fostaithe aici le linn an tséasúir ghnóthaigh.

Dar le Stiúrthóir, David Gallagher, ball teaghlaigh na tríú glúine, cuirfear an infheistíocht ilmhilliún euro isteach i ngléasra nua agus in uathoibriú an phróisis um éifeachtúlacht an fhuinnimh laistigh den táirgeadh a mhéadú.

Tá an fhorbairt mar Is cuid de Thionscadal Uasghrádú na Monarchan Glas de chuid Gallagher Bros a mhéadóidh an bhéim ar bhreisphróiseáil na dtáirgí Ronnach agus Faoitín Gorma.

“Bhí pleananna againn uasghrádú a dhéanamh sular tharla an Breatamach, agus chuir sin stop le gach rud,” a dúirt David Gallagher “Ba é deontas na Scéime Tacaíochta um Chaipitil Phróiseas Breatamach trí BIM an t-ábhar misnigh dúinn chun aghaidh a thabhairt ar shlí na dánachta. Táimid an-tógtha anois leis an méid atá romhainn.

“Beimid in ann díriú ar thuilleadh custaiméirí den scoth agus cuirfidh an córas uathoibrithe solúbthacht na táirgíochta ar fáil dúin le haghaidh filléid ronnach ar ardchaighdeán a thairiscint.”

Arna maoiniú ag an Aontas Eorpach faoin gCúlchiste um Choigeartaithe an Breatamach (BAR), cuirfidh an Scéim Tacaíochta um Chaipitil Phróiseas Breatamach suas le €45M ar fáil d’earnáil bia mara na hÉireann.

Chuir Príomhfheidhmeannach an BIM, Caroline Bocquel, fáilte roimh an infheistíocht sna Cealla Beaga, ag rá gur lárionad an-tábhachtach d’earnáil próiseál na n-éisc in Éirinn. “Baineann  ríthábhacht leis an nuálaíocht agus lená gcoinneáil suas chun dáta le teicneolaíochtaí na huathoibrithe agus le éifeachtúlachtaí fuinnimh dár gcuideachtaí próiseál bia na mara ionas go mbeidís in ann fanacht iomaíoch.”

“Cabhraíonn an Scéim Tacaíochta um Chaipitil Phróiseas Breatamach le próiseálaithe na n-éisc leis an mbunathrú a chur i bhfeidhm, agus le fiontair níos dochraí don chomhshaol, níos inbhuanaithe agus níos iomaíche a thógáil.”

Dar léi freisin: “Mar thoradh ar sholáthar laghdaithe na n-amhábhar, tá an scéim ríthábhachtach chun tacú le hinfheistíochtaí caipitil a leagann béim ar “níos mó a chruthú as níos lú”, ag spreagadh na próiseálaithe táirgí ar luach níos airde a chur amach agus á ndíriú ar phróiseáil thánaisteach agus níos faide fós.”

I measc próiseálaithe eile bia na mara sna Cealla Beaga atá mar chuid den infheistíocht iomlán €50 milliún, tá Norfish Ltd, Premier Fish Products, Donegal Fish, Sean Ward Fish Exports, Island Seafoods agus Albatross Seafoods.