Is fiú dul glas agus gorm le Scéim Forbartha Fiontar Gheilleagar Gorm an Bhreatimeachta

Maoiniú ar fáil do Thionscnaimh Fuinnimh In-Athnuaite a thacaíonn leis an nGeilleagar Gorm

Tá gnólachtaí i bpobail chósta na hÉireann á spreagadh chun iarratas a dhéanamh ar Scéim Forbartha Fiontar Gheilleagar Gorm an Bhreatimeachta, le maoiniú suas le €200,000 ar fáil do Thionscnaimh Fuinnimh In-Athnuaite.

Faoin Scéim, tá gnó an gheilleagair ghoirm a fheidhmíonn laistigh de 10 gciliméadar den imeallbhord á spreagadh le dul glas agus is féidir leo cur isteach ar mhaoiniú chun tacú le pleananna chun a gcostais fuinnimh a rialú agus a n-inbhuanaitheacht a fheabhsú.

Agus costais fuinnimh ag ardú, is réiteach cliste iad tionscnaimh fuinnimh
in-athnuaite chun ár lorg carbóin a laghdú, costais a ghearradh, agus feabhas a chur ar shlándáil fuinnimh chun forbairt a chumasú sa lá atá inniu ann gan dul i mbaol na glúine atá le teacht.

Agus €25 milliún ar fáil, is é aidhm na Scéime ná fás a spreagadh i bpobail chósta tuaithe tar éis an Bhreatimeachta. Is tionscnamh de chuid Rialtas na hÉireann agus an Aontais Eorpaigh í an Scéim, agus tá sí á riar ag Bord Iascaigh Mhara (BIM) agus á seachadadh trí Ghrúpaí Áitiúla Gníomhaíochta Iascaigh (GÁGI).

Dúirt Brenda O’Riordan, Oifigeach Réigiúnach BIM, go bhfuil roinnt tograí nuálaíocha maithe faighte ag an scéim cheana féin thar raon de ghnóthaí geilleagair ghoirm ó bhia mara, turasóireacht cois cósta, tógáil agus deisiú báid, go fóillíocht mara agus spórt.

 

“Agus costais fuinnimh atá ag ardú as cuimse á gcur san áireamh tá an-suim á feiceáil againn ó raon leathan de ghnóthaí geilleagair ghoirm ar fud phobail chósta na hÉireann, go háirithe iad siúd atá ag iarraidh dul glas,” a dúirt sí. “Ó dhíoltóirí éisc ag cur aonaid fhótavóltacha ar dhíon na gnólachta chun cumhacht a sholáthar, agus gnó na mbád cairtfhostaithe ag uasghrádú a n-innill go hinilll hibrideacha/leictreacha, go cuideachtaí bia mara ag féachaint ar uasghrádú soilsithe, téimh agus cuisniúcháin.

 

“Leis na deontais seo, is féidir le gnólachtaí an gheilleagair ghoirm tosú ar smacht níos mó a ghlacadh ar a gcostais fuinnimh agus a bheith níos inbhuanaithe trí chuidiú le hastaíochtaí agus an tionchar ar ár gcomhshaol a laghdú.”

 

An scéim is mó dá leithéid riamh, tá an scéim oscailte do thrí shruth tionscadal: Infheistíocht Chaipitil, Meantóireacht Ghnó & Forbairt Cumais, agus Uasoiliúint & Oiliúint.

Tá sonraí iomlána faoi Scéim Forbartha Fiontar Gheilleagar Gorm an Bhreatimeachta, lena n-áirítear conas iarratas a dhéanamh, le fáil anseo.