Cuireann Bord Iascaigh Mhara fáilte roimh an gcéad Phlean Comhtháite um Fhorbairt Dobharshaothraithe in Éirinn

Iarratas ar Fheirm Bhradán Orgánach á tharraingt siar ag an ngníomhaireacht de réir an Bheartais Náisiúnta nua

Iarratas ar Fheirm Bhradán Orgánach á tharraingt siar ag an ngníomhaireacht de réir an Bheartais Náisiúnta nua

Chuir Bord Iascaigh Mhara (BIM) fáilte inniu (21 Nollaig) roimh fhoilsiú an chéad Phlean Straitéisigh Náisiúnta um Fhorbairt Dobharshaothraithe Inbhuanaithe in Éirinn. An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a d’ullmhaigh an straitéis tar éis comhairliúchán fairsing. Ar bhonn na straitéise, beidh cistiúchán AE €30 milliún á tharraingt anuas ón gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh le haghaidh fhorbairt an dobharshaothraithe in Éirinn sna cúig bliana atá amach romhainn.

I measc na gceithre cinn is fiche de shainbhearta a aontaíodh sa Straitéis, socraíodh go leagfaí síos teorainneacha i dtaca le forbairt feirmeacha bradán ar leith amach ón gcósta, is é sin, go gcuirfí uasteorainn idir 5,000 agus 7,000 tonna leis na feirmeacha. Bunaithe ar an bhforbairt mhór seo agus ar an reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair (An tAcht Iascaigh (Leasú), 1997), ina sonraítear nach féidir iarratas a athrú le linn an phróisis phleanála, deimhnigh BIM ag cruinniú boird inniu nach leanfaidh siad ar aghaidh leis an iarratas reatha ar cheadúnas dobharshaothraithe chun feirm bhradán orgánach 15,000 tonna a chur ar bun i gCuan na Gaillimhe.

Agus an cinneadh á fhógairt aici, dúirt Príomhfheidhmeannach BIM, Tara McCarthy: “Agus an creat beartais nua á chur san áireamh ag BIM, tá athbhreithniú déanta againn ar ár bpolasaithe oibre chun gur féidir linn ár ngníomhartha a chur in oiriúint don Phlean nua seo. I dteannta rudaí eile, ba ghá dul i ngleic le scálú na bhfeirmeacha éisc agus táimid tar éis déileáil go gasta agus go deimhneach leis sin. Ní mór dúinn anois athmheasúnú a dhéanamh ar conas a sholáthróimid an tionscadal seo i gcomhthéacs na timpeallachta oibre nua, agus a thionchar sin ar chúrsaí oibre agus tráchtála a chíoradh. Tógfaidh sé tamall an méid sin a dhéanamh agus beidh neart rannpháirtíochta agus comhairliúcháin i gceist.”

Dúirt an tUas. McCarthy freisin: “Caithfear cuimhneamh go bhfuil €30 milliún ón AE curtha ar leataobh chun tacú leis an dobharshaothrú in Éirinn sna cúig bliana atá romhainn sa chaoi is gur féidir na spriocanna fáis a leagadh síos sa tuarascáil Rialtais Food Wise 2025 a bhaint amach. Leanfaidh BIM de theicneolaíochtaí nua a spreagadh agus a iniúchadh, de chláir inbhuanaitheachta a stiúradh, agus de bhrabúsacht ár dtáirgeoirí a fheabhsú i gcoinne éileamh mór ón margadh”

Tá BIM tar éis cur in iúl don údarás ceadúnúcháin (an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara) go mbeidh an t-iarratas reatha á tharraingt siar.