Bainisteoir Gnó Teicneolaíochta Uisce (PC, Buan agus Lánaimseartha)  

 

Tá áthas ar Bhord Iascaigh Mhara / BIM fáilte a chur roimh iarratais ó dhaoine atá cuícháilithe agus a bhfuil taithí chuí acu don phost seo a leanas:

 

Bainisteoir Gnó Teicneolaíochta Uisce

(PC, Buan agus Lánaimseartha)

 

 

Maidir le BIM

Is comhlacht leathstáit neamhthráchtála é BIM a bunaíodh go foirmiúil faoi reacht (An tAcht Iascaigh Mhara, 1952) agus is gníomhaireacht de chuid na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM) é.  Is é BIM gníomhaireacht Stáit na hÉireann a bhfuil freagracht air as tionscal bia mara na hÉireann a fhorbairt. Tá sé d’aidhm ag straitéis BIM feabhas a chur ar iomaíochas earnáil bia mara na hÉireann trí dhíriú ar na cúig phríomhthosaíocht straitéiseacha seo a leanas: Inbhuanaitheacht, Scileanna, Nuálaíocht, Iomaíochas, Ceannaireacht.

 

Tá sé aonad gnó san eagraíocht: Seirbhísí Teicniúla Bia Mara, Seirbhísí um Fhorbairt Scileanna, Seirbhísí Corparáideacha, Seirbhísí Forbartha agus Nuálaíochta, Seirbhísí Eacnamaíochta agus Straitéiseacha agus Cumarsáid Corparáideach.  Is i nDún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath atá Ceannoifig BIM lonnaithe.

 

Chun tacú leis an earnáil Bia Mara, tá foirne BIM lonnaithe go straitéiseach sna pobail le cósta a mbíonn siad ag freastal orthu, lena n-áirítear oifigí I Co. Chorcaí, nGaillimh, agus sna Cealla Beaga. Chomh maith leis sin tá dhá choláiste oiliúna BIM lonnaithe sa Chaisleán Nua, Co. Dhún na nGall agus i mBaile Chaisleáin Bhéarra, Co. Chorcaí.

 

Cur síos gairid ar an Ról

Bainisteoir Gnó Teicneolaíochta Uisce is príomhbhall é d’Fhoireann Forbartha agus Nuálaíochta BIM a bheidh i gceannas ar fhorbairt gnó agus gnéithe nuálaíochta phlean straitéise BIM a chur i bhfeidhm.

 

Tuarastal

I gcomhréir leis an Scála Tuarastail atá ceadaithe ag an Roinn Airgeadais don Earnáil Phoiblí, beidh raon tuarastail €75,822 – €94,491 (amhail an 1 Deireadh Fómhair 2023) i gceist in aghaidh na bliana pro-rata i ndáil leis an am a bheidh oibrithe.

 

An tSlí chun iarratas a dhéanamh:

Ba chóir C.V. iomlán chomh maith le litir iarratais agus foirm iarratais chomhlánaithe ina ndéantar cur síos ar thaithí agus scileanna a bhaineann leis an bpost, a sheoladh ar ríomhphost chuig jobs@bim.ie. nó a sheoladh sa phost chuig Rannóg Acmhainní Daonna BIM, Bóthar Crofton, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath.

 

Is é 5 pm an 22nd Márta 2024 an dáta Deiridh a nglacfar le hIarratais.

 

Tabhair ar aird nach nglacfar le hiarratais a bheidh déanach.  Tá tuairisc iomlán ar an bpost, agus an fhoirm iarratais atá de dhíth le fáil anseo.

 

Má bhíonn aon cheist agat nó má bhíonn eolas breise de dhíth ort, déan teagmháil le jobs@bim.ie.

 

 

Is Fostóir Comhdheiseanna é Bord Iascaigh Mhara