Teicneolaíocht cheannródaíoch uisce forbartha ag nanobOx a laghdóidh costais uisce shaothraithe

nanobOx, Bunaitheoir and Príomhoifigeach feidhmiúcháin, Dr John Favier le Comh-Bunaithoeir Dr Mohammad Ghaani

Tá teicneolaíocht cheannródaíoch nua ann atá tíosach ar fhuinneamh ina gcuirtear ocsaigin le huisce trí úsáid a bhaint as nanabhoilgeoga. Tá an-tábhacht ag baint leis d’fheirmeoirí éisc agus dóibh siúd atá ag obair san earnáil uisceshaothraithe.

Is iad an Dr John Favier agus an Dr Mohammad Ghaani a bhunaigh nanobOx, agus tá teicneloaíocht cóireála uisce cheannródaíoch faoi phaitinn acu a mhéadóidh an táirgiúlacht agus a laghdóidh an méid fuinnimh a úsáidtear nuair atá uisce á aerú, trí bhoilgeoga nanaimhéide a ghiniúint ón aer comhthimpeallach. Leis seo, fanann an leibhéal oscaigine san uisce i bhfad níos faide agus úsáideann siad i bhfad níos lú fuinnimh ná na modhanna aerála traidisiúnta atá ann.

Mar a mhíníonn John: “San uisceshaothrú talamh-bhunaithe, go minic tá an costas fuinnimh a bhaineann leis an ocsaiginiú ar an dara chostas is airde tar éis an bia a chur san áireamh. Ídíonn an aeráil uisce thart ar 2% den táirgeadh leictreachais domhanda, agus is margadh é a bhfuil luach na billiúin dollar air, an trealamh chun uisce a aerú agus a oscaiginiú.”

“An rud atá forbartha againn ná teicneolaíocht tíosach ar fhuinneamh chun uisce a aerú agus cabhróidh sé chun billí fuinnimh a ghearradh. Is féidir na gineadóirí nanabhoilgeoga a úsáid le le grianchumacht nó le ceallraí. Níl aon pháirt ghluaisteach iontu. Mar sin, tá sé éasca iad a ghlanadh agus a chothabháil. Ina theannta sin, tá an teicneolaíocht inscálaithe agus is féidir uisce a ghinniúint ag sreabhráta ard.”

“Is cuid ríthábhachtach agus costasach í leibhéal na hoscaigine tuaslagtha a choimeád, ní hamháin don uisceshaothrú ach freisin don talmhaíocht, don chóireáil fuíolluisce, agus don leasúchán timpeallachta. Mar sin, d’fhéadfadh margadh ollmhór a bheith ann don teicneolaíocht nua seo”, dar le John.

Is cuid í nanobOx den Chlár Stiúideo Nuálaíochta Aqua-Teic de chuid BIM, atá á seachadadh ag Hatch Blue. Cé go raibh taithí ag John ar ghnólachtaí a bhunú, dúirt sé gur mhór an chabhair í an tSaotharlann Stiúideo Nuálaíochta maidir leis an gnólacht a fhorbairt agus d’fhoghlaim sé mórán faoin uisceshaothrú ann.

“D’fhoghlaimíomar mórán faoi na dúshláin agus faoi na tiomantóirí margaidh atá ann do tháirgeoirí uisceshaothraithe in ndeighleoga margaidh éagsúla. Feidhmíonn an Stiúideo Nuálaíochta Aqua-Teic ar nós tiomantóir: chabhraigh siad linn ár  dtairiscint a shainaithint agus a cháiliú; thaispeáin siad dúinn conas is féidir don teicneolaíocht atá againn ár mbrabúsacht agus ár inmharthanacht a mhéadú; agus thugadar an deis dúinn  ár smaoineamh a chur i láthair agus ár straitéis gnó don uisceshaothrú a fhorbairt.”

“Táimid fós ag baint tairbhe anseo i nanobOx as na ceangail a rinneamar ag an Stiúideo Nuálaíochta. Táim fós i dteagmháil le móran de na comhlachtaí a ndearnamar nasc leo, agus leis na saineolaithe ó BIM agus ó Hatch Blue, agus a chuir tástáil orainn le linn na coicíse a mhair an cúrsa.”

“Chabhraigh sé linn tosú ag smaoineamh faoi mhargaí thar lear. Tá acmhainneacht sa mhargadh in Éirinn ach tá sé fós cuibheasach beag agus beidh ár ngnó uisceshaothraithe ag brath ar an easportáil. Táimid ag lorg margaí mór san Eoraip, i Meiriceá Thuaidh agus san Áise.”

Is mac-chuideachta ó UCD í nanobOx agus faoi láthair, táthar i mbun deireadh a chur leis an gcéad bhabhta infheistíochta. Tá aird léirithe ag infheisteoirí ón earnáil teicneolaíocht talmhaíochta agus ó ghnólachtaí caipitil fiontair”, a deir John. “Úsáidfimid an infheistíocht chun trialacha allamuigh a dhéanamh”, a deir John. “Nuair a bheidh na trialacha críochnaithe, beimid ag lorg tuilleadh infheistíochta don seoladh margaidh agus don fhorbairt táirgí amach anseo.”

“Cuirfimid tús leis na trialacha i bhFeirm Breac Goatsbridge i gCo. Chill Chainnigh agus in Abalone i gConamara sna míonna atá romhainn. Tá pleananna ar bun freisin chun trialacha a dhéanamh in Albain, sa Danmhairg agus san Iorua.”

Cé go mbeidh an teicneolaíocht nanobOx á forbairt agus á déanamh in Éirinn, táthar ag súil go nginnfear an chuid is mó den ioncam tríd an easportáil. Mar sin, beidh gné idirnáisiúnta ag baint leis an bhforbairt ghnó, leis an margaíocht agus leis an oibríocht dhíolacháin. Deir John go mbeidh siad ag dul chun margaidh faoin earrach/samhradh seo chugainn.