Bean ó Chontae na Mí ina ceannródaí ag baint úsáide as feamainn Éireannach chun táirgí bia plandabhunaithe a tháirgeadh

 

Bean ó Chontae na Mí ina ceannródaí ag baint úsáide as feamainn Éireannach chun táirgí bia plandabhunaithe a tháirgeadh

Nuair a dúirt Jennifer O’Brien, ó Chontae na Mí ó dhúchas, lena clann go raibh sí chun an domhan corparáideach a fhágáil chun gnó a bhunú i mbia mara agus san fheamainn, ba dheacair dóibh é sin a thuiscint! Ach ceithre bliana ar aghaidh agus tá toradh a saothair agus a paisin don fharraige le feiceáil go soiléir.

Inniu tá gnólacht teicneolaíochta bia ag Jennifer, Sea & Believe, a bhaineann úsáid as feamainn chun bia mara cothaitheach, plandabhunaithe a fhorbairt nach ngéilleann i dtaca le blas ná le sláinte na farraige.

Tá roinnt táirgí forbartha cheana féin ag Sea & Believe, lena n-áirítear an burgar feamainne agus na goujons feamainne a raibh an-tóir orthu nuair a tástáladh in ollmhargaí SuperValu iad anuraidh.

“Thosaíomor i ndeich siopa agus mhéadaíomar é sin go dtí 50. Bhí mé ag obair ó chistin. Mar sin, thuig mé go mbeadh orm próiseas táirgeachta níos sofaisticiúla a fhorbairt, agus féachaint i dtreo an mhargaidh idirnáisiúnta,” a dúirt sí.

Ach is é an táirge atá cruthaithe ag Sea & Believe is mó a bhfuil Jennifer morálach as ná an filléid ‘troisc’ a dhéanann calóga atá díreach cosúil leis an bhfíor-rud. “Tá sé an-bhlasta agus lán de bhlas na mara,” a deir sí.

D’éirigh leis an ngnólacht an sprioc seo, táirge calógach, cothaitheach, inmharthana, a bhaint amach trí úsáid a bhaint as próitéiní plandabhunaithe agus as an teicneolaíocht. “Trí ais-innealtóireacht a dhéanamh ar struchtúr matáin agus ar uigeacht an éisc, tá ionadach cruthaithe againn ag baint úsáide as próisis cheimiceach agus fhisiciúil, agus as feamainn Éireannach, chun uigeacht cothaitheach, calógach a chruthú.”

 

Baintear an fheamainn fhiáin a úsáideann Sea & Believe i gConamara, áit ar chaith Jennifer móran ama nuair a bhí sí ag fás aníos agus áit ar thit sí i ngrá leis an bhfarraige.

Nuair a ghlac Jennifer páirt i Saotharlann Stiúideo Nuálaíochta BIM i rith na paindéime in 2020, ní raibh sí ach ag cur tús lena gnólacht. Is é an tiomantóir uisceshaothraithe Hatch Blue atá i mbun na saotharlainne. Is é seo an 5ú bliain den chlár – tá sé oscailte do thionscadail in Éirinn agus sa AE araon a bhfuil baint acu leis an teicneolaíocht uisceshaothraithe – agus beidh sé á reáchtáil arís i mbliana i nDeireadh Fómhair i Mol RDI i gCill Orglan, Co. Chiarraí.

 

“Nuair a rinneadh mé a thástáil sa Saotharlann Stiúideo Nuálaíochta, ní raibh i mo ghnólacht ach smaoineamh. Bhí burgar feamainne forbartha agam agus bhí mé ag triail táirgí eile. Ach is é an tSaotharlann Stiúideo an rud a chabhraigh go mór liom. Bhí sé dúshlánach ach bhí sé iontach, agus d’fhíoraigh sé an fhís a bhí agam i ndáiríre”.

Ceann de na rudaí is fearr ná gur chuir an tSaotharlann Stiúideo gnólachtaí nuathionscanta in aithne d’infheisteoirí. “Mar thoradh air sin, rinne mé iarratas ar chiste luathaithe i SAM agus d’éirigh leis. Mura mbeinn páirteach sa Saotharlann Stiúideo Nuálaíochta, ní dóigh liom go mbeinn faoi shiúl inniu.”

“Thug sé muinín dom freisin mo bhrionlóidí a leanúint agus dheimhnigh sé an creideamh a bhí agam i mo ghnólacht. D’fhoghlaim mé faoi na próisis atá riachtanach chun dul ar aghaidh. Bhí fís agam m’fheamainn féin a fhás in Éirinn agus d’fhoghlaim mé na céimeanna atá riachtanach chun é seo a phleanáil.”

Lena chois sin, chuir an tSaotharlann Stiúideo ina luí ar ghnólachtaí cé chomh tábhachtach is atá sé margaí a shainaithint chomh maith leis na custaiméirí atá mar sprioc agat. “Níl fiú é mura bhfuil custaiméirí agat!”, a deir Jennifer.

Tá Jennifer ag brath ar fheamainn Éireannach ardchaighdeáin dá táirgí, ach tá ganntanas feamainne ann in Éirinn de bharr teochtaí mara atá ag ardú. Is acmhainn dochreidte í an fheamainn, a deir sí, agus ní thuigeann sí cén fáth nach mbaintear níos mó úsáide as anseo in Éirinn.

An chéad chéim eile do Sea & Believe ná ceann de na chéad fheirm feamainne in Éirinn a bhunú, i gCuan na Cloigeann i gConamara. Úsáidfear an suíomh feamainne chun Palmaria Palmara (Dillisk) a fhás, agus táthar ag súil go gcuirfear tús leis seo roimh dheireadh na bliana.

“Má uas-scálaítear an fheamainn Éireannach i dtimpeallacht uisceshaothraithe, cinnteofar go mbeidh soláthar fadtéarmach ann chun freastal ar an éileamh amach anseo, agus ní bheifear ag brath an iomarca ar stoc fiáin. Is féidir linn an fheamainn a ionchorprú i dtáirgí plandabhunaithe agus ag an am céanna is feidir linn éiceachórais a athbhunú agus bithéagsúlacht a mhéadú. Is féidir le feirmeacha feamainne trí oiread carbóin a tharraingt anuas i gcomparáid le foraiseacha atá ar aon mhéid leo.”

Tá Palmaria Palmata, feamainn dhúcasach a bhfuil ardluach uirthi, i mbaol anois. Is feamainn dhearg í ina bhfuil leibhéal ard próitéine, agus is ionadach feola agus éisc an-mhaith í mar gheall ar an dath agus an blas atá aici.

“D’fhéadfaí i bhfad níos mó úsáide a bhaint as próitéin ón bhfeamainn mar fhoinse ionadach próitéine. Is iomaí buntáiste a bhaineann leis an bhfeamainn a úsáid mar ionadach feola nó éisc. Ós rud é go bhfásann sí san fharraige, ní úsáideann sí talamh feirme luachmhar agus níl gá le leasúchán, rud a thruaillíonn foinsí uisce fionnuisce,”, a deir Jennifer.

Tá buntáistí sláinte ag baint le Palmaria Palmata freisin, lena n-áirítear gnéithe frith-athlastacha. Mar pháiste, diagnóisíodh go raibh asma ar Jennifer agus cheap sí i gcónaí gur mhór an chabhair é folcadh feamainne don asma.

Chomh maith le feirm feamainne a fhorbairt, tá Sea & Believe ag pleanáil chun saotharlann bhia a bhunú freisin i gConamara.

“Is é an misean atá againn ná cur go mór leis an eolas, an eolaíocht agus leis an teicneolaíocht a bhaineann le feamainn dhúchasach ar fud chósta na hÉireann, agus táirgí iontacha a fhorbairt, as nós bia mara plandabhunaithe.”

Mholadh Jennifer do gach gnólacht nuathionscanta iarratas a dhéanamh ar an Saotharlann Stiúideo Nuálaíochta. “Is clár iontach é agus tá sé saor in aisce. Is é an rud is luachmhara a rinne mise le linn na paindéime Covid, agus táim fíorbhuích as.”

BIM
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.