Tús curtha le Comhairliúchán Reachtúil maidir le hiarratas BIM ar Cheadúnas Feirmeoireachta Bradán i gCuan na Gaillimhe.

Tar éis cead a fháil ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, tá tús curtha ag BIM le próiseas an Chomhairliúcháin Reachtúil atá ar an gcéad chéim eile sa phróiseas iarratais ar cheadúnas chun feirm bradán ar an domhain a bhunú i gCuan na Gaillimhe. Tá iarrtha ar BIM an t-iarratas ar cheadúnas a roinnt, mar aon leis an Ráiteas Tionchair Timpeallachta, le roinnt comhlachtaí stáit chun a mbreithmheas agus a n-aiseolas a fháil maidir le sonraí an tionscadail atá beartaithe. Cuirfear an t-aiseolas sin uile ar fáil don phobal chun cuidiú leo ina léirmheas ar an Ráiteas Tionchair Timpeallachta i ndáil le comhairliúchán poiblí iomlán.

Tá tréimhse ocht seachtaine le haghaidh an Chomhairliúcháin Reachtúil socraithe ag an Roinn, agus deireadh leis Dé Máirt 2 Deireadh Fómhair 2012. Tar éis na tréimhse sin, tá súil ag BIM go n-iarrfar air dul i mbun comhairliúchain phoiblí iomláin agus ag an bpointe sin beidh ocht seachtaine ag an bpobal chun an t-iarratas atá beartaithe a mheas agus a dtuairimí a chur i láthair an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara.  

Tá iarrtha ag BIM san iarratas ar cheadúnas 15,000 tonna de bhradán feirme orgánaigh a tháirgeadh sa chuid lasmuigh de Chuan na Gaillimhe. Is modh nua atá anseo agus BIM ag déanamh iarratais ar an gceadúnas; déanfaidh BIM é a thabhairt ar shaincheadúnas do thríú páirtí a bheidh sásta, faoi chonradh a mbeidh ceangal dlí ag baint leis, an bradán Atlantach a thógáil faoi na caighdeáin orgánacha agus timpeallachta is déine. Cruthóidh an fheirm atá beartaithe 500 jab (go díreach agus go hindíreach) agus cuirfidh sé go mór le cumas na hÉireann an t-éileamh ar bhradán orgánach na hÉireann ar fud an domhain a shásamh.

Chun cuidiú a thuilleadh leis an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí, tá sé i gceist ag BIM na freagraí reachtúla uile a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin BIM, chomh maith leis an Ráiteas Tionchair Timpeallachta. Beidh an RTT ar fáil freisin ina chóip chrua i roinnt ionad ainmnithe ar an gcósta thiar agus beidh ocht seachtaine ag an bpobal chun a n-aiseolas a sheoladh chuig an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara.

San am atá caite, chuirtí na comhairliúcháin reachtúla agus phoiblí ar siúl ag an am céanna.   Ach tá Coinbhinsiún Aarhus daingnithe le déanaí ag Éirinn (Meitheamh 2012). Sa Choinbhinsiún, leagtar síos na rialacha chun rannpháirteachas na saoránach a chur chun cinn agus chun comhairliúchán leis an bpobal a fheabhsú agus cinntí á ndéanamh ag an stát a mbeadh iarmhairt fhéideartha acu ar an timpeallacht. De thoradh ar dhaingniú an Choinbhinsiúin le déanaí agus ar chúiseanna dlíthiúla agus teicniúla eile, tá an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Simon Coveney, T.D. tar éis a lámh a chur le hIonstraim Reachtúil nua (IR Uimhir 301 de 2012), a dhéanann dleathach na tréimhsí nua comhairliúcháin phoiblí i dtaca le hiarratais ar cheadúnas feirmeoireachta éisc. Sa chás seo tá treoir tugtha ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara do BIM dul i mbun comhairliúcháin reachtúil go hiomlán sula dtugtar faoin gcomhairliúchán poiblí.

Creideann BIM go gcuideoidh an cur chuige sin eolas breise a thabhairt don phobal le linn na tréimhse comhairliúcháin phoiblí.