Cuireann BIM fáilte roimh thús na Tréimhse Comhairliúcháin Phoiblí ocht seachtaine maidir leis an iarratas ar cheadúnas Feirmeoireachta Bradán ar an Domhain

Tosaíonn an tréimhse chomhairliúcháin phoiblí go hoifigiúil inniu (Dé Luain 15 Deireadh Fómhair 2012) maidir leis an bpróiseas iarratais ar fheirm éisc ar an domhain i gCuan na Gaillimhe lasmuigh. Mairfidh an tréimhse chomhairliúcháin ar feadh ocht seachtaine agus le linn an ama sin is féidir le duine ar bith sa phobal barúil nó tuairim a léiriú don Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an tUasal Simon Coveney, T.D.  Is é an dáta deiridh chun aighneacht a sheoladh chuig an Aire ná an meán oíche ar an 12 Nollaig 2012. 

Tosaíonn an tréimhse chomhairliúcháin phoiblí go hoifigiúil inniu (Dé Luain 15 Deireadh Fómhair 2012) maidir leis an bpróiseas iarratais ar fheirm éisc ar an domhain i gCuan na Gaillimhe lasmuigh. Mairfidh an tréimhse chomhairliúcháin ar feadh ocht seachtaine agus le linn an ama sin is féidir le duine ar bith sa phobal barúil nó tuairim a léiriú don Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an tUasal Simon Coveney, T.D.  Is é an dáta deiridh chun aighneacht a sheoladh chuig an Aire ná an meán oíche ar an 12 Nollaig 2012.   

Tá poibliú leathan á dhéanamh ar an tréimhse chomhairliúcháin phoiblí agus tá feachtas faisnéise cuimsitheach ag gabháil leis. Beidh an t-eolas uile atá san iarratas, an Ráiteas Tionchair Timpeallachta ina iomláine, líníochtaí agus imprisin ealaíontóra den fhorbairt atá beartaithe san áireamh, chomh maith le leaganacha Gaeilge agus Béarla d’achoimre neamhtheicniúil ar shuíomh ghréasáin BIM, www.bim.ie.  Iarrtar ar bhaill an phobail a bhfuil ceisteanna acu, nó ábhair is cúram dóibh faoin tionscadal atá beartaithe, na ceisteanna sin a sheoladh chuig  deepsea@bim.ie nó dul i dteagmháil le 01 214 4100.  (Tabhair faoi deara, más é do thoil é, gur seirbhís faisnéise atá ansin agus más mian le baill an phobail aon tuairim a nochtadh don Aire, é sin a sheoladh go díreach chuig an Roinn.)

D’athdhearbhaigh POF BIM, Jason Whooley, tiomantas na Gníomhaireachta Forbartha Bia Mara don chumarsáid iomlán agus fhollasach ar feadh an phróisis agus chuir sé fáilte roimh thús na tréimhse comhairliúcháin phoiblí. Dúirt sé  ‘Tá ról lárnach ag BIM sna hocht seachtaine atá romhainn a chinnteoidh go dtabharfar gach deis do bhaill an phobail iad féin a chur ar an eolas faoin bhforbairt atá beartaithe. Tá an taighde eolaíochta, ar baineadh leas as chun láithreacha i gCuan na Gaillimhe lasmuigh a bheadh oiriúnach don fheirmeoireacht éisc ar an domhain a shainaithint, gan fasach.  Rinne cuid de na heolaithe mara is saoithiúla sa Stát an taighde agus an samhaltú a chuimsiú d’fhonn na láithreacha sin a shainaithint.   Táimid muiníneach go mbeidh rath ar an bhforbairt atá beartaithe agus na láithreacha roghnaithe go cúramach i dteannta leis an monatóireacht dhian atá riachtanach d’fheirm bradán ar bith in Éirinn agus go dtáirgfear bradán orgánach den scoth, rud is cúis le cáil na hÉireann ar fud an domhain. ’

Tá iarratas déanta chun 15,000 tonna de bhradáin le deimhniú orgánach a tháirgeadh ar an bhfeirm bradán ar an domhain.  Má éiríonn leis an iarratas méadófar ar an táirgeacht go cúramach agus go céimneach thar thréimhse 6 bliana, agus cuirfidh sé níos mó ná 500 jab nua ar fáil. Cruthófar jabanna díreacha (350) agus indíreacha (150) agus sruth pá de €14.5 milliún in aghaidh na bliana, i gcomharsanacht na feirme beartaithe den chuid is mó. Is táirge den scoth é bradán feirme orgánach na hÉireann san Eoraip agus faigheann sé praghas bisigh de 50% ar an meán níos mó ná bradán feirme a tháirgtear in áiteanna eile. Is de thoradh díreach ar na caighdeáin dhiana a gcloíonn feirmeoirí Éireannacha na mbradán orgánach leo atá an suíomh eisceachtúil sin aige ar an margadh. Is í an fhadhb is mó atá ag táirgeoirí bradán na hÉireann inniu mach féidir leo an t-éileamh atá ann dá dtáirge a shásamh.

Chun a chinntiú go bhfanann an acmhainn nádúrtha fhíorluachmhar sin i seilbh an Stáit agus lena chinntiú freisin go gcuirtear i bhfeidhm na caighdeáin timpeallachta go dian agus go leanúnach, choimeádfadh BIM an ceadúnas mar shócmhainn don Stát agus lorgódh sé oibritheoir tráchtála oiriúnach chun bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar an bhfeirm bradán. Leis an gcur chuige sin, beidh BIM in ann caighdeáin bhreise i riar na feirme a chur i bhfeidhm, chun torthaí don gheilleagar cósta áitiúil a mhéadú an oiread agus is féidir de réir ár misean le tionscal bia mara na hÉireann a fhorbairt agus le pobail an chósta a chothú.

Tá BIM tar éis páirt a ghlacadh cheana féin i gcruinnithe le páirtithe leasmhara agus i gcruinnithe faisnéise mar chuid den iarracht le daoine a chur ar an eolas faoin tionscadal atá beartaithe, a chineál agus a scála, agus chomh maith leis sin chun an cur chuige ar leith a mhíniú, a mbeidh mar thoradh air go dtapófar an deis seo chun jabanna agus rachmas a chruthú sa gheilleagar áitiúil.  Leanfaidh BIM air ag soláthar an oiread eolais agus is féidir don phobal le linn na tréimhse comhairliúcháin. Ba cheart ceisteanna ginearálta (ní freagraí foirmeálta ar na fógraí comhairliúcháin phoiblí, a chaithfear a sheoladh chuig an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara) a chur go díreach chuig 01 214 4100 nó chuig deepsea@bim.ie