BIM le sraith seisiún eolais poiblí a óstáil faoi mhaoiniú atá ar fáil do phobail chósta

Cuirfidh BIM sraith seisiún eolais poiblí ar siúl a bhaineann le Scéim Forbartha Fiontraíochta an Gheilleagair Ghoirm Breatimeachta agus na deiseanna maoinithe atá ar fáil do ghnóthais i bpobail chósta.

Beidh na seisiúin eolais ar siúl i roinnt áiteanna timpeall chósta na hÉireann sna míonna atá romhainn agus tá sé ar intinn againn seimineár gréasáin a chur ar siúl i mí an Mhárta chun freastal ar na daoine gur mhaith leo a bheith i láthair ar líne. Déanfar taifead ar an seimineár gréasáin agus cuirfear ar fáil ar líne é ionas go mbeidh sé éasca teacht a bheith ag na daoine nach féidir freastal ar an seimineár féin air.

Cuirfear fáilte roimh dhaoine freastal ar cheann de na Tráthnónta Eolais chun foghlaim faoin mbealach gur féidir le gnóthais i bpobail chósta tuaithe na hÉireann iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú trí Scéim Forbartha Fiontraíochta an Gheilleagair Ghoirm Breatimeachta.

Le maoiniú €25 milliún ar fáil, is í seo an Scéim is mó dá leithéid agus dearadh í chun fás a spreagadh i bpobail chósta tuaithe. Tá maoiniú ar fáil do ghnóthais atá i mbun gnó laistigh de deich gciliméadar na himeallbhoird, agus atá baint acu le gníomhaíochtaí an gheilleagair ghoirm, bia mara, turasóireacht chósta, tógáil agus deisiú báid, spórt agus fóillíocht mara, imeachtaí beaga neamhthráchtála cuain nó cé, agus tionscnaimh fuinnimh in-athnuaite san áireamh.

Dúirt Brenda O’Riordan, Oifigeach Réigiúnach BIM, go bhfuair an scéim roinnt moltaí nuálacha atá cuma iontach maith orthu cheana féin agus tugann sí spreagadh do dhaoine eile teacht chuig ceann de na seisiúin eolais chun níos mó eolais a fháil ar an maoiniú atá ar fáil agus chun comhairle a fháil ar ullmhú aighneachta.

 

Beidh an chéad seisiún eolais eile ar siúl ar an 17 Eanáir san Óstán Crowne Plaza, Dún Dealgan agus beidh seisiún eile ar siúl ar an 18 Eanáir san Óstán City North, Baile Mhic Gormáin, Co. na Mí.

 

Beidh na cruinnithe ar fad ar siúl ó 18.30 go 20.30 gach tráthnóna.

Seisiún Eolais: Eanáir – Marta 2023 anseo

 

 

Scéim Forbartha Fiontraíochta an Gheilleagair Ghoirm Breatimeachta – Ag seasamh an fhóid ar son phobail chósta na hÉireann.

 

Chun sonraí iomlána na Scéime a fháil, téigh chuig www.bim.ie nó téigh i dteagmháil le:

BRENDA O’RIORDAN +353 87 3512327 / brenda.oriordan@bim.ie
PAUL DOWNES +353 87 1171449 / paul.downes@bim.ie