B’fhiú geilleagar bia mara na hÉireann €1.3 billiún in 2022, in ainneoin na bliana luainí

Cuireann praghsanna níos airde, athoscailt seirbhíse bia agus méadú ar thomhaltas bia mara in Éirinn le fás 4% bliain ar bhliain.

Mhéadaigh luach gheilleagar bia mara na hÉireann go €1.3 billiún ó thaobh OTI de anuraidh, méadú 4% i gcomparáid le 2021. Ba é ba chúis leis sin den chuid is mó ná méadú ar thomhaltas intíre bia mara in Éirinn in earnáil na seirbhísí bia chomh maith le praghsanna níos airde, ar bhonn intíre agus ar na príomh-mhargaí easpórtála araon. Tháinig méadú suntasach freisin ar infheistíocht an Rialtais in 2022 de réir mar a tosaíodh ar mhaoiniú faoin gCúlchiste Coigeartaithe Brexit a chur i bhfeidhm.

I dtuarascáil an Bhoird Iascaigh Mhara maidir le Gnó Bia Mara a sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D inniu (cuir isteach an dáta) léirítear méadú 10% ar infheistíocht an Rialtais (€255 milliún) in 2022 lena n-áirítear roinnt scéimeanna Cúlchiste Coigeartaithe Brexit a oscailt chun tacú leis an tionscal sa leath deireanach den bhliain.

Ag labhairt dó ag an ócáid seolta níos luaithe inniu, thagair an tAire McConalogue do na dúshláin shuntasacha a bhí roimh an tionscal in 2022, lena n-áirítear an choimhlint san Úcráin, as ar tháinig ardú ar chostais fuinnimh chomh maith le cuótaí laghdaithe agus dálaí deacra trádála leis an Ríocht Aontaithe i ndiaidh Brexit.

“Tar éis an tsuaite eacnamaíoch in 2020 agus 2021 tar éis na paindéime domhanda agus Brexit, thug 2022 sraith nua dúshlán a tháinig as an gcogadh san Úcráin. Mar gheall air sin, tá praghsanna fuinnimh ag ardú go leibhéil nach bhfacthas riamh roimhe seo agus chruthaigh sé timpeallacht trádála dheacair don earnáil bhia mara ar fad a chuireann leis na dúshláin a eascraíonn as Brexit.  Mar sin féin, tá sé léirithe arís eile ag an tionscal go bhfuil teacht aniar ann in aghaidh suaitheadh den sórt sin agus tá sé fós ina phríomhspreagadh socheacnamaíoch i bpobail chósta, agus tá níos mó ná 15,000 duine fostaithe ann. Aithním an brú a bhí orthu siúd atá ag obair sa tionscal le bliain anuas, agus sin an fáth ar chuir mé maoiniú suntasach ar fáil faoin gCúlchiste Coigeartaithe Brexit chun cabhrú leis an earnáil.”

Léirítear sa tuarascáil go bhfuil fás mór tagtha ar phraghsanna bia mara na hÉireann, go háirithe éisc fhiáine, mar thoradh ar bhoilsciú margaidh. Mhéadaigh luach na hearnála bia mara iomlán in Éirinn 13% go €703 milliún, agus mhéadaigh luach iomlán tháirgí dobharshaothraithe na hÉireann 10% go €196 milliún.

Sháraigh Cloicheáin Bhá Bhaile Átha Cliath ronnach mar an speiceas fiáin is luachmhaire sa tionscal, agus an praghas tar éis dúbláil, agus níos mó (+53%), in 2022. Bhí méadú ar phraghasanna oisrí fiaclacha (+8%) agus diúilicíní a fhásann ar rópa (+7%) in Éirinn anuraidh in earnáil an dobharshaothraithe.

Thug Caroline Bocquel, Príomhfheidhmeannach BIM, aitheantas freisin do neart marthanach na ndaoine atá ag obair i dtionscal bia na mara agus luaigh go raibh ról ríthábhachtach aige sin i bpobail chósta na hÉireann.

“Tá an dea-cháil atá ar bhia mara na hÉireann le feiceáil sna figiúirí a eisíodh sa tuarascáil is déanaí seo ar Ghnó Bia Mara. Anuraidh, bhí luaineacht agus suaitheadh suntasach sa mhargadh, chomh luath sin tar éis Covid agus Brexit. Léirítear tiomantas agus athléimneacht na ndaoine atá ag obair sa tionscal sa mhéadú ar luach na hearnála ina hiomláine. Tá BIM fós diongbháilte ina thiomantas tacú leis an tionscal dul i ngleic leis an tírdhreach domhanda atá ag athrú go tapa.”

Cé nach raibh an méid bia mara a tháirg earnáil na hÉireann ag teacht le blianta roimhe seo, bhí fás an-láidir ar phraghsanna ann, go háirithe in earnáil na n-iasc a gabhadh san fharraige, rud a d’fhág gur tháinig méadú 38% ar phraghsanna. Le linn 2022, tugadh i dtír luach €507 milliún ar an iomlán de bhia mara i gcalafoirt na hÉireann, méadú 14 % ar 2021 ó thaobh luacha de.

Ba é na Cealla Beaga i gContae Dhún na nGall an calafort iascaireachta ba mhó sa Stát in 2022 de réir luacha, le gabhálacha arbh fhiú €135 mhilliún iad, agus Baile Chaisleáin Bhéarra i Co Corcaigh, le gabhálacha arbh fhiú €129 milliún iad. Tháinig méadú suntasach ar luach na ngabhálacha i gcalafoirt Ros an Mhíl, Cheann Chlochair agus an Chaisleáin Nua, mar thoradh ar phraghsanna níos airde ar iasc bán agus ar chloicheáin.

D’fhostaigh an earnáil thart ar 15,300 duine in 2022, le 1,993 shoitheach cláraithe, os cionn 100 bpróiseálaí bia mara agus beagainín faoi bhun 300 láithreán dobharshaothraithe. Tá breis agus 8,200 duine fostaithe go díreach san earnáil, agus tá 7,100 post eile ag tacú leis an earnáil go hindíreach.

Ba iad bradáin (€119 milliún) agus trosc (44 mhilliún) na speicis is mó díol ar mhargadh na hÉireann i rith na bliana. Ba é an bradán orgánach an speiceas is mó a tháirg earnáil an dobharshaothraithe — 13,500 tonna arbh fhiú €124 milliún é — agus ba é Cloicheáin Bhá Bhaile Átha Cliath na speicis is mó a thug cabhlach na hÉireann i dtír, arbh ionann é agus 6,200 tona ar luach €82 milliún.

Tá tuarascáil 2022 ar Ghnó Bia Mara ar fáil le híoslódáil ach cuairt a thabhairt anseo.