Fisheries Conservation Officer

Bord Iascaigh Mhara / BIM is pleased to welcome applications from suitably qualified and experienced candidates for the post of:

 

Fisheries Conservation Officer

(Full-time; Contract of Indefinite Duration)

 

About BIM

BIM is a non-commercial semi-state body, formally established by statute (Irish Sea Fisheries Act 1952) and an agency of the Department of Agriculture, Food and the Marine (DAFM).  It is the Irish State agency responsible for developing the Irish seafood industry. BIM’s strategy aims to enhance the competitiveness of the Irish seafood sector focusing on the following five key strategic priorities: Sustainability, Skills, Innovation, Competitiveness, Leadership.

 

The organisation has six business units: Seafood Technical Services, Skills Development Services, Corporate Services, Development and Innovation Services, Economic and Strategic Services, and Corporate Communications.  BIM’s head-office is in Dun Laoghaire, Co. Dublin.

 

In supporting the seafood sector, BIM’s staff are also strategically located in the coastal communities which they serve, including offices in Galway and Killybegs.  In addition, BIM’s two training colleges are located in Greencastle, Co. Donegal and Castletownbere, Co. Cork.  Finally, BIM’s SIH (Seafood Innovation Hub) is located in Clonakilty, Co. Cork where it supports innovation and sustainability among Ireland’s seafood industry.

 

Brief description of Role

The Fishery Conservation Officer will work with the Fishery Conservation Section and Sustainability and Certification Section on developing and promoting sustainable fisheries. Key objectives of the role will be as follows:

  • Developing new approaches and links between Fisheries Conservation technical work and MSP
  • Development of BIM capabilities and provision of advice on fisheries integration in MSP
  • Coordination and project management of the Fisheries Improvement Projects towards sustainability certification of Irish fisheries

 

Salary

Remuneration is in accordance with the Public Sector, Department of Finance approved Salary Scale for HEO, with a salary range of €50,848 – €64,038 p.a. (as at 1st February 2022) per annum pro-rated with time worked.

 

How to apply:

A full C.V. together with a letter of application and completed BIM application form, summarising experience and skill sets applicable to the position should be emailed to jobs@bim.ie. or posted to Human Resources of BIM, 12 Crofton Road, Dun Laoghaire, Co. Dublin.

 

The closing date for Applications is 5 p.m. 17 November 2022

 

Please note that late applications will not be accepted.  A full job description, and the required application form are available here.

 

If you have any queries or for additional information, please contact jobs@bim.ie.

 

BIM is an Equal Opportunities Employer

Oifigeach um Chaomhnú Iascaigh

Tá áthas ar Bhord Iascaigh Mhara / BIM fáilte a chur roimh iarratais ó dhaoine atá cuícháilithe agus a bhfuil taithí chuí acu don phost seo a leanas:

 

Oifigeach um Chaomhnú Iascaigh

Lánaimseartha; Conradh Tréimhse Éiginnte

 

 

Maidir le BIM

Is comhlacht leathstáit neamhthráchtála é BIM a bunaíodh go foirmiúil faoi reacht (An tAcht Iascaigh Mhara, 1952) agus is gníomhaireacht de chuid na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM) é.  Is é BIM gníomhaireacht Stáit na hÉireann atá freagracht as tionscal bia mara na hÉireann a fhorbairt. Tá sé d’aidhm ag straitéis BIM feabhas a chur ar iomaíochas earnáil bia mara na hÉireann trí dhíriú ar na cúig phríomhthosaíocht straitéiseacha seo a leanas: Inbhuanaitheacht, Scileanna, Nuálaíocht, Iomaíochas, Ceannaireacht.

 

Tá sé aonad gnó san eagraíocht: Seirbhísí Teicniúla Bia Mara, Seirbhísí um Fhorbairt Scileanna, Seirbhísí Corparáideacha, Seirbhísí Forbartha agus Nuálaíochta, Seirbhísí Eacnamaíochta agus Straitéiseacha agus Cumarsáid Corparáideach.  Is i nDún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath atá Ceannoifig BIM lonnaithe.

 

Chun tacú leis an earnáil Bia Mara, tá foireann BIM lonnaithe go straitéiseach sna pobail le cósta a mbíonn siad ag freastal orthu, lena n-áirítear oifigí i nGaillimh agus sna Cealla Beaga.  Chomh maith leis sin tá dhá choláiste oiliúna BIM lonnaithe sa Chaisleán Nua, Co. Dhún na nGall agus i mBaile Chaisleáin Bhéarra, Co. Chorcaí.  Ar deireadh, tá SIH (Mol Nuálaíochta Bia Mara) BIM lonnaithe i gCloch na Coillte, Co. Chorcaí, áit a dtacaíonn sé le nuálaíocht agus le hinbhuanaitheacht i dtionscal bia mara na hÉireann.

 

Cur síos gairid ar an Ról

Oibreoidh an tOifigeach um Chaomhnú Iascaigh leis an Rannóg um Chaomhnú Iascaigh agus an Rannóg Inbhuanaitheachta agus Deimhnithe chun iascaigh inbhuanaithe a fhorbairt agus a chur chun cinn. Beidh siad seo a leanas i measc phríomhchuspóirí an róil:

 

Tuarastal

I gcomhréir leis an Scála Tuarastail atá ceadaithe ag an Roinn Airgeadais don Earnáil Phoiblí, beidh raon tuarastail €50,848 – €64,038 (amhail an 1 Feabhra 2022) i gceist in aghaidh na bliana pro-rata i ndáil leis an am a bheidh oibrithe.

 

An tSlí chun iarratas a dhéanamh:

Ba chóir C.V. iomlán chomh maith le litir iarratais agus foirm iarratais chomhlánaithe ina ndéantar cur síos ar thaithí agus scileanna a bhaineann leis an bpost, a sheoladh ar ríomhphost chuig jobs@bim.ie nó a sheoladh sa phost chuig Rannóg Acmhainní Daonna BIM, 12 Bóthar Crofton, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath.

 

Is é 5 p.m. an 17ú Samhain 2022 an dáta deiridh a nglacfar le hIarratais.

 

Tabhair ar aird nach nglacfar le hiarratais a bheidh déanach.  Tá tuairisc iomlán ar an bpost, agus an fhoirm iarratais atá de dhíth le fáil anseo.

 

Má bhíonn aon cheist agat nó má bhíonn eolas breise de dhíth ort, déan teagmháil le jobs@bim.ie.

 

Is Fostóir Comhdheiseanna é Bord Iascaigh Mhara