Treisíonn caiteachas an Rialtais tionscal bia mara na hÉireann sa bhliain 2023 d’ainneoin dúshlán
Bhí bliain dhúshlánach ag geilleagar bia mara na hÉireann sa bhliain 2023, agus laghdú 2.9% in OTI ann i gcomparáid leis an mbliain 2022 go luach iomlán €1.2 billiún, dar leis na sonraí sa tuarascáil ‘Business of Seafood’ a d’fhoilsigh an Bord Iascaigh Mhara (BIM) inniu (dé Chéadaoin 18ú Méan Fómhair). Tá tionchair an Bhreatimeachta ag leanúint de bheith ina ndúshlán don tionscal trí theorainn a chur leis an rochtain ar dheiseanna iascaireachta agus trí chur isteach ar shreafaí trádála agus ar an rochtain ar an margadh. Mar fhreagairt dó sin, áfach, rinne an rialtas leibhéal infheistíochta sa tionscal nach bhfacthas a leithéid riamh, rud a léirigh tiomantas láidir d’fhás agus inbhuanaitheacht na hearnála amach anseo. A bhuí leis an infheistíocht sin, i dteannta cistiú ón gCúlchiste Coigeartaithe Brexit, bhí an earnáil in ann fás suntasach ab ionann agus 12% a bhaint amach. D’fhág sé sin gurbh ionann luach iomlán na hearnála agus €1.4 billiún, d’ainneoin an laghdaithe tosaigh 2.9% in OTI i gcomparáid leis an mbliain 2022, tráth a luacháladh an earnáil ag €1.2 billiún.
Ba iad na laghduithe cuótaí a d’eascair as an mBreatimeacht, an laghdú sa chur i dtír eachtrach agus na fadhbanna bitheolaíocha i dtáirgeadh bradán agus sliogiasc ba chúis le brúnna sa bhliain 2023. Bhí an earnáil ag dul i ngleic freisin le dúshláin a d’eascair as an ngéarchéim costas maireachtála agus as boilsciú ard, rud a rinne difear breise don timpeallacht eacnamaíoch. Ba shaincheist chriticiúil fós í an rochtain ar amhábhair, go háirithe le haghaidh próiseáil iasc peiligeach, rud ba chúis le laghdú 10% in onnmhairiú príomhtháirgí bia mara Éireannacha. Bhain na laghduithe ba mhó leis an bhfaoitín gorm, leis an bportán agus leis an mbradán orgánach Éireannach.
D’ainneoin na ndúshlán sin agus d’ainneoin na ndeacrachtaí a d’eascair as costais mhéadaitheacha agus as athruithe rialála, bhí méaduithe suntasacha ann san infheistíocht phoiblí agus san infheistíocht phríobháideach. Ba ag an leibhéal ab airde riamh a bhí caiteachas méadaithe an Rialtais sa bhliain 2023 mar chuid den Chúlchiste Coigeartaithe Brexit, agus an caiteachas poiblí á mhéadú faoi 63% go €416 mhilliún aige, rud as ar tháinig méadú suntasach 33% san infheistíocht phríobháideach.
Tháinig méadú 9% ar chaitheamh an bhia mara sa bhliain 2023 go €515 mhilliún. Tháinig méadú 9% ar luach díola an bhradáin go €130 milliún, agus tháinig méadú 13% ar luach na hearnála seirbhísí bia bia mara sa bhliain 2023 go €189 milliún, agus é gan a bheith ach 3% níos ísle ná a luach ab airde riamh sa bhliain 2019. Tháinig méadú 14% ar an mbia mara a cheannaigh oibritheoirí seirbhísí bia.
Tugtar chun suntais sa tuarascáil go n-oibríonn 15,673 aosach, beagnach, go díreach agus go hindíreach i dtionscal bia mara na hÉireann. Ar an leibhéal náisiúnta, tá an earnáil bia mara freagrach as sé cinn as gach 100 post i bpobail chósta ar fud na hÉireann, agus an ráta sin chomh hard le 14% i bpobail chósta Chontae Dhún na nGall.
Ag labhairt dó faoi shonraí na tuarascála, dúirt Charlie McConalogue TD, an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara: “Imríonn an tionscal bia mara ról ríthábhachtach in inmharthanacht inbhuanaithe, shóisialta agus eacnamaíoch ár bpobal cósta faoin tuath agus is féidir tábhacht an tionscail a fheiceáil an athuair sa tuarascáil ‘Business of Seafood’ i mbliana. Léirítear san anailís ó BIM an infheistíocht ón Rialtas, a bhí ar leibhéal gan fasach, rud a léiríonn go bhfuil sé tiomanta do thacú leis an tionscal bia mara an ceann is fearr a fháil ar dhúshláin an Bhreatimeachta. Mar thoradh ar an méadú sa chistiú atá á sholáthar ag Scéimeanna an Tascfhórsa um Bia Mara, ar scéimeanna iad atá á gcistiú tríd an gCúlchiste Coigeartaithe Brexit, táthar ag tacú le forbairt athléimneachta agus le héagsúlú ar fud pobail chósta agus ar fud na hearnála iascaigh chun cabhrú leis na tionchair atá ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach a mhaolú.”
Dúirt Caroline Bocquel, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Bhoird Iascaigh Mhara: “Níl aon amhras ach go raibh an cúlra domhanda don bhliain 2023 an-doiligh do gach tionscal, tionscal bia mara na hÉireann san áireamh. Tá an tionscal ag leanúint de theacht slán as na hiarmhairtí a bhí ag imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach, ag paindéim, ag boilsciú agus ag na costais fuinnimh is airde riamh agus as na tionchair leanúnacha atá ag baint leis an gcogadh san Úcráin.”
Nochtar sa tuarascáil na dálaí doilí a raibh earnáil iasc peiligeach na hÉireann ag dul i ngleic leo, agus na honnmhairí le haghaidh speicis thábhachtacha amhail an faoitín gorm ag laghdú faoi 65% go luach is ionann agus €14 mhilliún. Cé go raibh fás láidir ann sa mhin éisc agus in olaí, rinne cuótaí níos ísle don bholmán agus d’fhaoitíní gorma beaga difear ollmhór don luach onnmhairiúcháin, rud a rinne difear suntasach don earnáil iasc peiligeach.
Tháinig laghdú trian amháin, beagnach, ar thoirt an bhradáin orgánaigh Éireannaigh a táirgeadh sa bhliain 2023 go 9,400 tonna, agus na hardrátaí mortlaíochta ar fud feirmeacha in Éirinn ag déanamh difear don táirgeacht. Mar thoradh ar an éileamh idirnáisiúnta láidir, áfach, níor tháinig ach laghdú 3% i luach na n-onnmhairí ós rud é gur tháinig méadú ar an meánphraghas.
Maidir le roinnt mhaith de na scéimeanna ar mhol an Tascfhórsa um Bia Mara iad, thug an tAire McConalogue iad isteach chun tacú le hearnálacha difriúla laistigh den tionscal sa bhliain 2023, idir scéimeanna leachtachta, thacaíocht chaipitil agus chistiú le haghaidh forbairt faoi stiúir an phobail.
“D’ainneoin na ndúshlán a rabhthas ag dul i ngleic leo sa bhliain 2023, tá tionscal bia mara na hÉireann athléimneach fós agus tá sé tiomanta d’fhás inbhuanaithe sa todhchaí. Is é an toradh a bheidh ar an infheistíocht a rinne an Rialtas sa bhliain 2023 ná go mbeidh níos mó deiseanna ann do chuideachtaí a oibríonn anois i gceann de na hearnálacha próiseála bia mara is nua-aimseartha san Eoraip, rud a fheicfimid ó dheireadh na bliana 2024 ar aghaidh agus isteach sa bhliain 2025. Den chéad uair le ceithre bliana anuas, níor tháinig aon laghdú ar na hallmhairí ón Ríocht Aontaithe mar gheall ar athruithe sa trádáil a d’eascair as imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach, agus tá díolacháin bia mara in earnáil seirbhísí bia na hÉireann tar éis filleadh, beagnach, ar leibhéal na bliana 2019 roimh an bpaindéim, agus a luach cothrom anois le €189 milliún,” arsa Caroline Bocquel.