Sa phictúir ó chlé: Príomhoifigeach BIM, Caroline Bocquel leis An tAire Stát Iascaigh agus Mara, Timmy Dooley TD, ag seoladh na turascála Business of Seafood
Rannchuidigh na hinfheistíochtaí i dteicneolaíochtaí próiseála, an méadú ar onnmhairí, agus na praghsanna is airde riamh ar ronnach le fás 4%
Mhéadaigh luach gheilleagar bia mara na hÉireann go €1.24 billiún i dtéarmaí olltáirgeachta intíre (OTI) an bhliain seo caite, cothrom le méadú 4% ar an bhfigiúr don bhliain 2023. Ba iad an méadú ar onnmhairí (+9%), an méadú ar dhíolacháin intíre (+3%) agus an méadú ar ghabhálacha chuig calafoirt na hÉireann (+11%) na príomhthosca a bhí taobh thiar de sin.
Tháinig méadú 9% ar luach iomlán onnmhairí bia mara ó Éirinn sa bhliain 2024. Ba iad an Fhrainc, an Ríocht Aontaithe agus an Iodáil na trí phríomhthír ó thaobh onnmhairí de. Bhí an Fhrainc ar an margadh ba mhó a bhí ag Éirinn ó thaobh onnmhairí bia mara de an bhliain seo caite, agus luach €141 mhilliún ar an margadh sin (+2%). Ba iad bradán orgánach na hÉireann, oisre agus portán na trí phríomhspeiceas a onnmhairíodh.
Rinne Timmy Dooley TD, an tAire Stáit ar a bhfuil Freagracht as Iascach agus as an Muir, an tuarascáil dar teideal Gnó an Bhia Mara ó Bhord Iascaigh Mhara (BIM) a sheoladh inniu.Nochtar sa tuarascáil go ndearnadh infheistíocht Rialtais agus phríobháideach ab fhiú breis agus €422 mhilliún san earnáil sa bhliain 2024, rud ar léiriú é ar an muinín a bhí ann as an earnáil i mbliain inar lean brúnna cuóta, costais mhéadaitheacha agus brúnna sa mhargadh domhanda le féachaint a chur ar a hathléimneacht.
D’aithin an tAire Dooley an luaineacht a bhí ann sa timpeallacht trádála, agus rinne sé trácht ar an tábhacht eacnamaíoch agus shóisialta atá ag an tionscal do phobail chósta na hÉireann agus ar an difear atá á dhéanamh ag na hinfheistíochtaí:
“Tá beagnach 17,000 duine fostaithe i dtionscal bia mara na hÉireann. Tá sé ar cheann de na príomhspreagthaí eacnamaíocha inár bpobail chósta. Tuigim na brúnna atá ar an tionscal agus an ról ríthábhachtach a imríonn sé maidir le slándáil bia a chinntiú agus maidir le bia atá cothaitheach, sláintiúil agus inbhuanaithe a sholáthar. A bhuí leis na hinfheistíochtaí a rinneadh faoin gCúlchiste Coigeartaithe Brexit agus leis na deiseanna atá ann le haghaidh tuilleadh infheistíochtaí faoin gClár Forbartha Bia Mara 2021 – 2027 a sheol mo Roinn an bhliain seo caite, tá dúshraith láidir á leagan don earnáil ionas gur féidir léi leanúint le hoibriú de réir na gcaighdeán is airde.”
Rannchuidigh méadú ar luach dhíolacháin bhradán orgánach na hÉireann (+44%) an bhliain seo caite le méadú foriomlán 25% ar luach na hearnála dobharshaothraithe. Bhí bliain dhúshlánach ag earnálacha áirithe, áfach, go háirithe táirgeoirí diúilicíní téide san Iardheisceart agus táirgeoirí oisrí carraige.
Tá an earnáil próiseála ina cuid ríthábhachtach de gheilleagar bia mara na hÉireann go fóill, agus í ag giniúint láimhdeachas €947 milliún agus ag tacú le breis agus 3,200 post. Cé gur tháinig laghdú beag ar a luach foriomlán sa bhliain 2024, leanadh le héifeachtúlacht fuinnimh, le huathoibriú agus le nuálaíocht táirgí a bhrú chun cinn san earnáil mar thoradh ar an méid mór infheistíochta a rinneadh inti, agus níos mó ná €45 mhilliún á fháil ag an Rialtas ón gCúlchiste Coigeartaithe Brexit.
Léirítear sa tuarascáil an spleáchas láidir atá ag an earnáil iascaireachta ar dhá speiceas, is iad sin: ronnach; agus Cloicheán Chuan Bhaile Átha Cliath. I dteannta a chéile, bhí an dá speiceas sin freagrach as beagnach leath na ngabhálacha uile ó thaobh luacha de an bhliain seo caite. Cé go leanann laghduithe cuóta agus costais mhéadaitheacha le dul i bhfeidhm ar an gcabhlach, bhí an méadú ar chuótaí speiceas grinnill san Iarthuaisceart i measc na n-athruithe dearfacha.
Tháinig méadú 3% ar dhíolacháin bhia mara in Éirinn go €333 mhilliún sa bhliain 2024, agus an méadú ar phraghsanna agus ar mhéideanna taobh thiar de sin. Cheannaigh 93 cinn as gach 100 teaghlach Éireannach bia mara úr nó reoite an bhliain seo caite. Is ísle é sin ná an buaicthoradh 97% a baineadh amach sa bhliain 2017, rud a léiríonn athrú ar iompraíocht cheannaigh.
Dúirt Caroline Bocquel, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin BIM:
“Léirítear sa tuarascáil is déanaí ó BIM maidir le Gnó an Bhia Mara athléimneacht na hearnála agus an cumas atá aici oiriúnú de réir mar a leanann margaí le hathrú.” Tá earnáil bia mara na hÉireann ina cuid lárnach dár bpobail chósta agus dár ngeilleagar bia. Trí thacaí agus infheistíocht spriocdhírithe ón gClár Forbartha Bia Mara €258.4 milliún don tréimhse 2021-27, ar faoina bhun atá BIM ag riar scéimeanna atá dírithe ar an tionscal, tá nuálaíocht á brú chun cinn againn agus tá staid na hearnála á neartú againn.”
Tá an tuarascáil Gnó an Bhia Mara 2024 ar fáil ag bim.ie.